**Leanfaidh an t-aicsean ar fad ar aghaidh sa tsraith Guinness PRO14 Rainbow Cup an deireadh seachtaine seo agus na coimhlintí idir-chúige le feiceáil arís ar TG4. Tabharfaidh na Muimhnigh agus na hUltaigh faoina chéile i Luimneach oíche Dé hAoine agus beidh na Connachtaigh in aicsean in éadan na Laighneach an lá dár gcionn sa Ghaillimh. ** ### MUMHA V ULAIDH @ Páirc Thuamhumhain **Dé hAoine 07/05/21 | IARBHEO 22:30 ar TG4** Cuirfidh fir Johann van Graan fáilte roimh na hUltaigh sa bhabhta seo agus iad ag iarraidh an dara bua as a chéile a bhaint amach sa chomórtas úr seo. D’éirigh leis na Muimhnigh bua cuimsitheach a bhaint amach sa chéad bhabhta nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na Laighnigh i ndiaidh sé chluiche ina n-éadan a chailliúint. D’éirigh le Conor Murray dhá úd a thalmhú agus scóráil Joey Carbery 10 bpointe chun an bua 3 - 27 a thabhairt leo. Níor chuir na hUltaigh tús chomh maith céanna leis an chomórtas seo nuair a chaill siad in éadan na gConnachtach sa bhaile i Staid Kingspan. D’éirigh le Peter Sullivan líne an úid a thrasnú sa bhomaite deireanach chun an bua a bhaint amach d’fhir an iarthair. Bhí iomaíocht ghéar ann sa chluiche agus an dá fhoireann ag troid go láidir. An uair dheireanach ar chas na Muimhnigh agus na hUltaigh ar a chéile, bhain na hUltaigh an cluiche leis an scór 15 -10. Craolfar an cluiche seo iarbheo ar TG4 ag 22:30. Is é Cuán Ó Flatharta a bheidh i mbun tráchtaireachta agus beidh Eoghan Ó Neachtain ina chuideachta. ### CONNACHTA V LAIGHIN @ An Sportsground **Dé Sathairn 08/05/21 | BEO 19:15 ar TG4** An uair dheireanach ar chas an dá fhoireann seo ar a chéile is leis na Connachtaigh a bhí an lá nuair a d’éirigh leo críoch a chur le sraith buanna a bhí ag na Laighnigh go dtí sin. B’in an chéad uair ar buaileadh na Laighnigh sa chomórtas PRO14 ó bhí Aibreán 2019 ann. D’éirigh le laoch na himeartha Jack Carty 25 phointe a bhaint amach do na Connachtaigh, rud nach ndearna imreoir ar bith de chuid na foirne sin ó thosaigh an réim ghairmiúil. Chuir na Connachtaigh tús láidir le comórtas an Rainbow Cup coicís ó shin nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na hUltaigh i gcluiche a raibh teannas láidir ann agus a chríochnaigh ar scór 24 - 26. Bhí an chuma ar an scéal go raibh rás na gConnachtach rite agus iad ar gcúl le scór 24 - 21 agus deireadh an chluiche ag druidim linn. Ach d’éirigh leo deis scórála a chruthú agus an bua a thabhairt leo. Buaileadh na Laighnigh ina gcéad chluiche den chomórtas seo nuair a tháinig na Muimhnigh chomh fada leis an RDS coicís ó shin. Bhí Garry Ringrose agus James Ryan ar ais ag imirt leis na Laighnigh i ndiaidh gortú ach níor éirigh leo stop a chur leis na Muimhnigh a bhí tiomanta go maith i ndiaidh Cluiche Ceannais PRO14 na bliana seo a chailliúint ag deireadh mhí an Mhárta. Craolfar an cluiche seo beo ón Sportsground ar TG4. Cuirfear tús leis an chlúdach ag 19:15 agus is í Máire Treasa Ní Dhughbhaill a chuirfidh an clár i láthair. Beidh Garry Mac Donncha i mbun tráchtaireachta agus beidh iarimreoir le Connachta Eamonn Molloy ina chuideachta.