Beidh sárchoimhlint I mababhta cúig den Guinness PRO14, na cúigí ag cur chun páirce ar thóir bua eile an seachtain seo. Laighin v Dragons Tá seaimpíní an Guinness PRO14, Cúige Laighean, ar bharr Rann A le naoi bpointe dhéag tar éis ceithre chluiche sraithe. Bhí siad san Iodáil an tseachtain seo caite agus bhuail siad Zebre 3 – 0, a bhuíochas do chic pionóis Ross Byrne sa chéad leath. Ghortaigh Seán Cronin a mhuineál roimh an chluiche i gcoinne na Nua Shéalainne i gCorn an Domhain agus beidh sé ag súil go mbeidh sé ar fáil don Chluiche i gCorn na hEorpa i gcoinne Benetton i lár na míosa seo chugainn. Ghortaigh Fergus Mc Fadden a uilinn le linn seisiún traenála agus ní bheidh sé ar fáil ar feadh roinnt seachtainí. Ghortaigh Hugo Keenan a rúitín sa chluiche i gcoinne Zebre an Satharn seo caite ach tá Ed Byrne agus Ciaran Frawley ar ais i mbun traenála. Tá na Dragons san ceathrú áit i Rann A. Bhuail Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht iad san Guinness PRO14 i mbliana agus fuair siad an lámh in uachtar ar Zebre agus na Glasgow Warriors. Beidh an @PRO14Official ar ais ar @TG4TV an deireadh seachtaine seo.Rugby fans; @RugbaiBEO bring us 2 live games on Saturday & highlights from the RDS on Friday! href=“https://twitter.com/MRSCDublin?refsrc=twsrc%5Etfw”>@MRSCDublin @craggyrugbypod @HarpinOnRugby pic.twitter.com/IsDzYfgYxa— Spórt TG4 (@SportTG4) October 31, 2019 Beidh Cúige Laighean ag súil an cluiche seo a bhuaigh ag an deireadh seachtaine seo agus fanacht in uachtar Rann A. Ulaidh v Zebre Tá Ulaidh san triú háit ar bharr Rann A. Bhuaigh siad a gcéad chluiche sraithe an séasúr seo nuair a bhuail siad na hOspreys i mBéal Feirste. Rinne siad an turas go dtí an Aifric Theas ansin agus bhuail na Cheetahs iad 63 – 26. Bhuaigh siad an dá chluiche eile i gcoinne na Southern Kings agus na Cardiff Blues. Bhuail siad na Cardiff Blues an deireadh seachtaine seo caite 23 – 14 agus scóráil John Cooney trí phointe dhéag. Tá Zebre ag bun Rann A. Níl acu ach dhá phointe sraithe – pointí bónais i gcoinne Laighin an deireadh seachtain seo caite nuair a buaileadh iad 3 – 0 agus i gcoinne na Dragons nuair a buaileadh iad 52 – 28. Beidh Ulaidh ag súil an cluiche seo a bhuachan an deireadh seachtaine seo agus fanacht in uachtar Rann A. Ospreys v Connachta Bhí bua drámatúil ag Cúige Chonnacht an Satharn seo caite i gcoinne na Toyota Cheetahs. Scóráil Tom Farrell úd san ceathrú nóiméad in am breise i gcoinne na Cheetahs agus bhua siad an cluiche 24 – 22 agus d’aimisigh siad pointe bónais freisin. Ba é seo an chéad chluiche a chaill na Toyota Cheetahs san Guiness PRO14 i mbliana. Tá Connachta ar bharr Rann B i gcuideachta Chúige Mumhan le cúig phointe dhéag sraithe tar éis ceithre chluiche sraithe. Níl ach cluiche amháin buaite ag na hOspreys san Guinness PRO14 i mbliana. Bhuail siad Benetton i mbabhta a trí ach bhuail Laighin, an Mhumhain agus Ulaidh iad an séasúr seo. Bhuail Cúige Mumhan iad an deireadh seachtaine seo caite, 28 – 12, i gCorcaigh. Bí linn an Aoine & an Satharn seo do @PRO14Official ar @TG4TV Buaicphointí @leinsterrugby v Dragons Dé hAoineBeo le Ospreys v @connachtrugby & Cardiff Blues v @Munsterrugby Dé SathairnPlenty of Rugby action this weekend on TG4!@TLHGaeilge @AnSpotaDubh href=“https://twitter.com/RugbaiBEO?refsrc=twsrc%5Etfw”>@RugbaiBEO pic.twitter.com/ZYBAxPwNR1— Spórt TG4 (@SportTG4) October 30, 2019 Tá súil ag cóitséalaí Chonnachta, Andy Friend, go mbeidh Kieran Marmion ag fanacht le foireann an Iarthair.Tuigtear go raibh an díomá ar Marmion nach raibh sé roghnaithe ar phainéal na hÉireann do Chorn an Domhain. Beidh a chonradh le Connachta caite ag deireadh an tseasúir seo agus deirtear go bhfuil roinnt foirne, ina measc Saracens, sa tóir an leathchúlaí clibirte. Cardiff Blues v Mumha Chinntigh úd Arno Botha go bhfuair Cúige Mumhan pointe bónais nuair a bhuail siad na Ospreys 28 – 12 an deireadh seachtaine seo caite. Tá an Mhumhain ar bharr Rann B i gcuideachta Chonnachta le cúig phointe dhéag sraithe. Níl ach cluiche amháin caillte ag Cúig Mumhan an séasúr seo. Bhuail na Cheetahs iad san Aifric Theas 40 – 16. Tá na Cardiff Blues ag streachailt san Guinness PRO14 i mbliana. Bhuaigh siad a gcéad chluiche i gcoine na Southern Kings ach bhuail Edinburgh, Glasgow Warriors agus Ulaidh iad. Níl acu ach sé phointe sraithe aimsithe acu go dtí seo agus iad san dara háit ag bun Rann B.