Tar éis a n-aird díriú ar Éirinn i mbabhtaí ceathrú ceannais Chorn an Domhain, tá an Guinness PRO14 ar ais arís le babhta 4 an seachtain seo. Ulaidh v Cardiff Blues Dé hAoine @ 19:35 Bhí bua mhaith ag na hUltaigh i mBabhta a 3 i gcoinne na Southern Kings i staid Nelson Mandela Bay, Port Elizabeth. Bhuiagh siad 42 – 17 rud a thug pointe bónais dóibh freisin. Tá siad anois san triú háit i Rann A le aon phointe dhéag. Chaill siad an dara cluiche san Guinness PRO14 nuair a bhuail na Cheetahs iad go cuimsitheach iad 63 – 26. Bhuaigh na Cardiff Blues a gcéad chluiche san Guinness PRO14 i mbliana nuair a bhuail siad na Southern Kings 31 – 27. Ach chaill siad a gcluichí i mBabhtaí a 2 agus a 3. Bhuail Edinburgh i gCardiff iad 19 – 11 agus i mBabhta a 3, chaill siad i gcoinne na Glasgow Warriors 17 – 13. Ba cheart go mbeadh coimhlint mhaith i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo ach beidh Ulaidh ag súil leis an chluiche seo a bhuaigh agus fanacht in uachtar Rann A. Munster v Ospreys Dé hAoine @ 19:35 Ba é Sam Parry laoch na nOspreys nuair a bhuaigh siad a gcéad chluiche sraithe i gcoinne Benetton Rugby 24 – 20. Scóráil an húcálaí trí úd. Chaill siad a gcéad dá chluiche san Guinness PRO14 i gcoinne Ulaidh agus Laighin. Bhuail Ulaidh iad 38 – 14 i mBabhta a 1 agus bhí an scéal céanna amhlaidh i mBabhta a 2 nuair bhuail Laighin iad san RDS 53 – 5. Droch scéala dóibh gur bhain droch ghortú do Keelan Giles agus ní imreoidh sé aon rugbaí eile an séasúr seo. Ní bheidh Cory Allen ar fáil an séasúr seo ach a n-oiread agus ní bheidh Dan Evans, James King agus Rhys Henry ar fáil go Mí na Nollag. Chuir Cúige Mumhan tús maith leis an Guinness PRO14 i mbliana agus bhuaigh siad a gcéad dá chluiche go cuimsitheach. Bhuail siad na Dragons 39 – 9 agus i mBabhta a 2 bhuail siad na Southern Kings 31 – 20. Ach níor éirigh leo an dara cluiche a bhuaigh san Aifric Theas. Bhuail na Toyota Cheetahs iad i Bloemfontein 40 – 16. Ba é seo an chéad uair do na Toyota Cheetahs an lámh in uachtar a fháil ar Chúige Mumhan. Tá na Toyota Cheetahs ar bharr Rann A agus cúig phointe dhéag acu as trí chluiche. Connachta v Toyota Cheetahs Dé Sathairn @ 17:15 Chaill Cúige Chonnacht a gcéad chluiche san Guinness PRO14 i mbliana nuair a bhuail na Scarlets iad 18 – 10. Ach bhain siad a gcuid cluichí i mBabhtaí a 2 agus a 3. Bhuail siad Benetton i nGaillimh 41 – 5 agus bhí bua mhaith acu sa Bhreatain Bheag i gcoinne na Dragons 38 – 14. Ba é sin an chéad chluiche a bhí ag Dean Ryan i gceannas ar na Dragons i Rodney Parade. Chinntigh úd ó Gavin Thornbury, Matt Healy, Finlay Bealham, Cillian Gallagher agus Kieran Marmion go bhfuair siad pointe bónais freisin agus scóráil sár-imreoir an chluiche Conor Fitzgerald aon phointe dhéag. Tá ag eirí go maith leis na Cheetahs i mbliana. Tá siad ar bharr Rann A le cúig phointe dhéag sraithe – sin trí bhua le pointe bónais as a chéile agus bhí gach cluiche sa bhaile acu go dtí seo. Bhuaigh siad a gcéad chluiche nuair a bhuail siad na Glasgow Warriors 48 – 14 agus rinne siad slad ar Ulaidh ansin 63 – 26. Bhuail siad Cúige Mumhan i mBabhta a 3, 40 – 16. Tá 22 úd faighte ag na Toyota Cheetahs san chéad trí chluiche – ach is é seo a gcéad chluiche as baile san Guinness PRO14 i mbliana. Zebre v Laighin Dé Sathairn @ 17:15 Tá Cúige Laighean ar bharr Rann A i gcuideachta leis na Cheetahs le cúig phointe dhéag as trí chluiche. Bhí bua mhaith acu i gcoinne Edinburgh san RDS i mBabhta a 3, 40 – 14 agus roimhe sin bhuail siad Benetton agus na Ospreys. Is iad seaimpíní na sraithe agus beidh siad ag súil le bua agus pointe bónais eile san Iodáil an deireadh seachtaine seo. Ach tá roinnt dá gcuid imreoirí gortaithe. Bhain gortú coise do Jack Conan le linn do a bheith sa tSeapáin le foireann na hÉireann. Bhí obráid aige agus ní bheidh sé ar fáil ar feadh sé mhí. Níl Seán Cronin ná Ciaran Frawley ar fáil ach a n-oiread ach tá Ed Byrne ar ais i mbun traenalá. Tá Zebre ag bun Rann A le pointe amháin sraithe. Fuair Edinburgh, na Dragons agus na Scarlets an lámh in uachtar orthu go dtí seo agus scóráil na foirne sin 156 pointe ina gcoinne go dtí seo sna cluichí sin. Beidh Laighin ag súil leis an cluiche seo a bhaint agus fanacht in uachtar Rann A. Tar éis díoma fhoireann na hÉireann i gCluiche Ceathrú Ceannais Chorn an Domhain an Satharn seo caite, imreofar an ceathrú babhta den Guinness PRO14 an deireadh seachtaine seo.