Fillfidh foirne na hÉireann chun páirce arís an deireadh seachtaine seo nuair a leanfaidh Sraith Guinness PRO14 ar aghaidh le cluichí Bhabhta 10. Beidh suim ar leith ag muintir na hÉireann i gcluichí an Bhabhta seo toisc gur chluichí idirchúige atá iontu ar fad. Cuireadh tús leis an aicsean idirchúige an seachtaine seo caite agus leanfaidh an iomaíocht ar aghaidh an deireadh seachtaine seo nuair a chuirfidh na hUltaigh fáilte roimh na Muimhnigh go Staid Kingspan agus beidh ar na Connachtaigh taisteal chun Báile Átha Cliath an lá céanna chun aghaidh a thabhairt ar churaidh reatha an comórtais, na Laighnigh.