Leanfaidh an t-aicsean ar fad ón Guinness PRO14 ar aghaidh ar TG4 an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh foirne na hÉireann faoina gcuid cluichí féin i mBabhta 6. Tá trí lá de chluichí amach romhainn an deireadh seachtaine seo. Cuirfear tús leis an aicsean ar fad Dé Sathairn nuair a chuirfidh fir Chonnacht fáilte roimh Scarlets go dtí an Sportsground i ndiaidh a gcuid cluichí a bheith curtha ar athlá ar feadh coicíse. Cuirfidh na Muimhnigh fáilte roimh Ospreys i Luimneach Dé Domhnaigh ansin agus iad ag filleadh ar pháirc na himeartha fosta i ndiaidh dóibh briseadh seachtaine a bheith acu. Leanfaidh Rugbaí Oíche Luan ar aghaidh sa Bhabhta seo fosta nuair a thabharfaidh na hUltaigh aghaidh ar Zebre san Iodáil agus cuirfidh na Laighnigh fáilte roimh Dhún Éideann go dtí an RDS. **CONNACHTA V SCARLETS @ The Sportsground** *Dé Sathairn 14/11/20 | BEO 19:05 ar TG4* Cuireadh an cluiche deireanach a bhí le himirt ag fir Chonnacht in éadan Dragons ar athlá nuair a deimhníodh go raibh Covid-19 ar roinnt d’imreoirí Dragons. Tharla amhlaidh dóibh i mBabhta 4 nuair a bhí siad le himirt in éadan Benetton go dtí gur tugadh le fios a raibh cásanna Covid-19 acu féin fosta. Mar gheall air seo, níor imir fir Andy Friend le coicís anuas agus mar sin, beidh siad ag dúil go mór le filleadh ar pháirc na himeartha an deireadh seachtaine seo. D’éirigh le Scarlets a gcluiche deireanach a bhaint amach in éadan Zebre agus gan eatarthu ach pointe amháin, a bhuíochas sin don chic éirice a fuair Angus O’Brien agus gan ach trí bhomaite fágtha sa chluiche. Craolfar an cluiche seo beo ar TG4 agus cuirfear tús leis an chlúdach ag 19:05. Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh an clár i láthair. Beidh Cuán Ó Flatharta i mbun tráchtaireachta agus beidh iar-imreoir le Connacht, Eamonn Molloy ina theannta. **MUMHA V OSPREYS @ Páirc Thuamhan** *Dé Domhnaigh 15/11/20 | BEO 14:20 ar TG4* Bhí na Muimhnigh in ainm a bheith ag imirt in éadan Benetton i mBabhta 5 an tseachtain seo caite ach cuireadh an cluiche ar athlá toisc go raibh cuid d’imreoirí Benetton go fóill ag féin-aonrú. Chaill Ospreys a gcluiche in éadan na Laighneach nuair a chuir na curaidh reatha lena sraith buanna, 24 cluiche go dtí seo. D’éirigh le Ospreys úd amháin a bhaint amach agus na pointí breise a thabhairt leo fosta ach níorbh leor sin sa deireadh nuair a chríochnaigh an cluiche ar 7 - 26. Craolfar an cluiche seo beo ar TG4 agus cuirfear tús leis an gclúdach ag 14:20. Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh an clár i láthair. Is í Máire Ní Bhraonáin a bheidh i mbun tráchtaireachta agus beidh imreoir le foireann seachtar an taobh na hÉireann, Deirbhile Nic a’ Bháird ina teannta.