In ainneoin go bhfuil briseadh beag sa chomórtas faoi láthair, beidh cluichí athshocraithe ó Bhabhtaí a chuaigh thart le feiceáil ar TG4 an deireadh seachtaine seo. Rinneadh athshocrú ar chluichí a bhí curtha ar athlá mar gheall ar chásanna Covid-19 agus tá cluiche amháin le himirt ag na Laighnigh agus ceann amháin ag na Muimhnigh. ## SCARLETS V LAIGHIN @ Parc y Scarlets **Dé Sathairn 30/01/2021 | BEO 19:30 ar TG4** Beidh na Laighnigh thar sáile an deireadh seachtaine seo chun aghaidh a thabhairt ar Scarlets sa Bhreatain Bheag tráthnóna Dé Sathairn. Bhí an cluiche seo le himirt mar chuid de chluichí Bhabhta 8 ach cuireadh ar ceal é nuair a tugadh le fios go raibh cásanna Covid-19 i gcampa Scarlets. Tá na Laighnigh sa dara háit i dTábla A faoi láthair díreach taobh thiar de na hUltaigh gan ach pointe amháin idir eatarthu. Tá Scarlets sa cheathrú áit i dTábla B agus iad cóngarach go maith do Cardiff Blues agus na Connachtaigh atá chun cinn orthu agus a bhfuil 25 pointe agus 26 pointe acu siúd. D’éirigh leis na Laighnigh an ceann is fearr a fháil ar na Muimhnigh i bPáirc Thuamhan sa chluiche mór idirchúige a d’imir siad an tseachtain seo caite. 10 – 16 an scór deiridh a bhí ar an gcluiche sin. Chaill Scarlets an cluiche deireanach a d’imir siad in éadan Cardiff Blues nuair a chríochnaigh an cluiche sin ar scór 10 - 13. Craolfar an cluiche seo beo ar TG4 agus tosóidh an clúdach ag 19:30. Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh an clár i láthair. Beidh Garry Mac Donncha i mbun tráchtaireachta agus beidh Eamonn Molloy, iar-imreoir le Connachta, ina chuideachta.