Leanfaidh an t-aicsean ar fad ón tsraith Guinness PRO14 ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus muid ag druidim i dtreo dheireadh an chomórtais. Deimhníodh an dá fhoireann a bheas ag imirt i gCluiche Ceannais an Guinness PRO14 2020-21 an tseachtain seo caite ach beidh gach foireann eile ag iarraidh a n-áit féin a fheabhsú sna Táblaí agus bua a bhaint amach sa Bhabhta seo. ## MUMHA V SCARLETS @ Páirc Thuamhan **Dé hAoine 12/03/21 | BEO 19:30 ar TG4** D’éirigh leis na Muimhnigh a n-áit a chinntiú sa Chluiche Ceannais an tseachtain seo caite nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na Connachtaigh i bPáirc Thuamhan. Dhá phointe dhéag atá idir na Muimhnigh agus na Connachtaigh atá sa dara háit i dTábla B agus mar sin, ní bheifear in ann iad a bhualadh faoi dheireadh an tséasúir. Tháinig Joey Carbery chun na páirce le linn an chluiche sin chun an bua a chinntiú don fhoireann baile nuair a thóg sé cic éirice agus 68 bomaite caite sa chluiche. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 20 - 17. Beidh Scarlets ag iarraidh an tríú bua as a chéile a bhaint amach sa chluiche seo i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar Benetton agus ar Dhún Éideann le gairid. Is cinnte go mbeidh neart díograise orthu ina leith agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gCorn Sheaimpíní Rugbaí na hEorpa. An uair dheireanach a thug an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile, ba ag na Muimhnigh a bhí an lá. Bhí críoch dhrámatúil leis an gcluiche nuair a éirigh le Ben Healy a chic éirice a chur thar an trasnán sa bhomaite deireanach chun go mbeadh an lá ag na Muimhnigh. Chríochnaigh an cluiche sin ar 27 - 30. Craolfar an cluiche sin beo ó Pháirc Thuamhan ar TG4. Tosóidh an clúdach ag 19:30 agus is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh an clár i láthair. Beidh Garry Mac Donncha i mbun tráchtaireachta agus iar-imreoir Chonnacht, Éamonn Molloy ina chuideachta.