Níl aon bhua faighte ag aon fhoireann go dtí seo ar Laighin sa Guinness PRO14, d'éirigh le Mumha agus le hUladh an bua a thabhairt leo ina gcluichí féin agus d'éirigh le Dún Éideann ceannasach an ceann is fearr a fháil ar Chonnachta. Anois tá aird dírithe ar bhabhta 13! **Laighin v Glasgow Warriors Buaicphointí - Dé hAoine @ 23:00** Níl aon bhua faighte sa séasúir go dtí seo ar na seaimpíní reatha agus d'éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar na Ospreys diongbháilte 13-21 sa Gnoll i mbabhta 12 den Guinness PRO14. Níor éirigh le haon fhoireann 12 bhua a bhaint amach i 12 chluiche ag tús an chomórtais roimhe seo agus tá siad anois suite ar bharr Ghrúpa A, is iad fir Uladh atá ina ndiaidh ach is dochreidte atá sé go bhfuil siad 15 ar cúl. Ba iontach an oíche a bhí ann do bhall an acadaimh Tommy O’Brien a scóráil a chéad úd agus geansaí Laighean á chaitheamh aige. Níor chuir foireann tús chomh maith le séasúr sraithe riamh roimhe seo, agus is é an bua is déanaí a chinntigh sin, is ag Ulaidh a bhí an gaisce sin roimhe seo le haon bhua déag as a chéile le linn shéasúr 2012/13 agus d'éirigh leo an t-éacht céanna le Mumha a bhaint amach, an méid is mó buanna as a chéile sa Guinness PRO14, 14 bhua as a chéile in 2011. Beidh foireann Leo Cullen ag súil go gcoinneoidh na buanna sin ar aghaidh sa tsraith agus Glasgow Warriors ag teacht chuig an RDS oíche Dé hAoine. Casadh an dá fhoireann seo ar a chéile i mbabhta 7 den séasúr seo i Scotstoun agus an bua ag Laighin 10-23, dhá úd Cian Kelleher a rinne an beart. D'éirigh leis na Warriors 3 bhua as a chéile a bhaint amach agus iad sa tríú háit i nGrúpa A dá bharr, 6 phointe taobh thiar d'Ulaidh atá sa dara háit agus iad 22 pointe taobh thiar dá gcéile comhraic. Is le lán-mhuinín a thabharfaidh foireann Dave Rennie aghaidh ar an gcluiche, cé gur cluiche dúshlánach a bheidh ann, de bharr scóir 38, 56 agus 34 a bheith bainte amach acu sa trí chluiche deiridh a d'imríodar sa Guinness PRO14. Beidh buaicphointí ón gcluiche san RDS ar TG4 oíche Dé hAoine ag 23:00 agus is é Cuán Ó Flatharta a bheidh i mbun tráchtaireachta. **Mumha v Scarlets Beo ó Pháirc Thuamhan - Dé Sathairn @ 16:40** Bhí bua éasca, 0-28, ag Mumha in aghaidh Zebre i Milan. Ba é an cliathánaí Darren Sweetnam a scóráil an ceathrú úd tábhachtach agus an pointe bónais agus iad ag déanamh iarracht coinneáil le Dún Éideann atá ag barr Ghrúpa B. 3 phointe atá idir iad agus Dún Éideann agus iad ag cur tús le babhta 13. Léirigh JJ Hanrahan imirt den scoth, scóráil sé úd agus d'éirigh leis ceithre shlánú a bhaint amach chomh maith. Tá 96 phointe ag foireann Johann Van Graan faoi láthair agus níl caillte acu ach 3 phointe sa dá chluiche deiridh a d'imríodar. Cé go bhfuil fios maith ag lucht tacaíochta na Mumhan faoi na dúshláin atá amach rompu sa chomórtas, in aghaidh na Scarlets i dtosach, cluichí as a chéile in aghaidh Benetton, na Blues, agus an dearbaí mór in aghaidh Laighean. Tabharfaidh a gcéile comhraic na Scarlets aghaidh ar Pháirc Thuamhan Dé Sathairn agus é beartaithe acu an ceann is fearr a fáil ar fhir na Mumhan chun a n-áit sa dara háit a thógáil. Níl eatarthu ach 3 phointe agus beidh tionchar mór ag cibé foireann a thabharfaidh leo an cluiche ar an gcuid eile den séasúr. Thug na Scarlets aghaidh ar Isuzu Southern Kings ag Parc y Scarlets agus d'éirigh leo bua cuimsitheach sé úd a bhaint amach, toradh den scoth tar éis iad a bheith cloíte ag Dún Éideann sa bhaile. Is leis an mbua 5 phointe seo a chinnteoidh siad brú a choinneáil ar Mhumha agus ar Dhún Éideann agus iad ag troid chun an chéad áit a nGrúpa B a bhaint amach. Is ag troid in aghaidh an easa a bheidh foireann Brad Mooar sa chéad dá bhabhta eile, in aghaidh na Mumhan, mar atá luaite thuas, agus ansin in aghaidh Chonnacht sa Sportsground, cluiche éachtach a bheidh ansin cinnte. Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh Rugbaí BEO i láthair, agus is iad Garry Mac Donncha agus Eoghan Ó Neachtain, a bheidh i mbun tráchtaireachta. Is iad Mike Sherry, iar-imreoir le Mumha agus Gavin Duffy, iar-imreoir le Connachta a bheidh i mbun anailíse. Cuirfear tús leis an gcraoladh ar TG4 ag 16:40. **Isuzu Southern Kings v Connachta** Tar éis dóibh na Cardiff Blues a chloígh go maith, 29-0, tá súil ag Connachta dlús na himeartha sin a thabhairt chuig BT Murrayfield. Ach, níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Dhún Éideann, cloíodh go dona iad, 41-14. Tharraing foireann Andy Friends Dún Éideann ó chéile le húid ó Simon Berghan, Pierre Schoeman agus fear na n-úd é féin Duhan Van der Merwe. Níor éirigh le Connachta aon bhua a bhaint amach sa bhaile ó fuair siad an ceann is fearr ar Ospreys i Swansea an 2 Samhain. Is san Afraic Theas in aghaidh na Southern Kings is fearr a bheidh deis acu deireadh a chur leis an tsraith imeartha sin. D'admhaigh Andy Friend go raibh súil ag an bhfoireann áit a bhaint amach i gcluichí cáilithe Guinness PRO14. Sa 4ú háit atá an fhoireann faoi láthair, 7 bpointe taobh thiar de na Scarlets agus iad ag súil go n-éireoidh le Mumha in aghaidh na Scarlets an deireadh seachtaine seo agus má éiríonn le Connachta in aghaidh na Kings cinnteoidh sé cluiche den scoth in aghaidh na Scarlets sa Sportsground an 20 Márta. Cloíodh Isuzu Southern Kings don 11ú uair sa séasúr in aghaidh na Scarlets, 36-17. Níl ag éirí go maith leis na Kings an séasúr seo agus níor éirigh leo ach aon bhua a bhaint amach go dtí seo sa chomórtas.